×

Mura bhfeictear an cháipéis seo féach an nasc go dtí an comhad PDF seo.

Fógra "Sláinte" (Glas/Oráiste)

Comhartha LED ar dhá dhath, uaine (glas) agus flannbhuí (oráiste), ar chúlra dubh, leis an dteachtaireacht "Sláinte!" sa chló Gaelach air, oiriúnach do theach tábhairne, bialann, bialann ghasta, nó áiteanna poiblí eile. Is iad 56cm x 33cm na toisí, agus é dronuilleogach. Tá snas ar an tosach, agus é déanta as aicrileach. Stíl neoin.

Is féidir an comhartha a chrochadh ar dhá shlabhra gairid, a chuirtear ar fáil.

Tarraingíonn an comhartha níos lú ná 5W. Tá plugóid chaighdeánach Éire/RA ar an soláthar cumhachta ach tá leaganacha eile ar fáil freisin (SAM+, D+). Tá faid 1.2m ar an gcábla, a thagann isteach sa chomhartha ar dheis.

Is táirge eisiach é seo do Fógralla/mSemicon gan ach líon beag eiseamláirí ar fáil faoi láthair.

Praghas: €78 (gan cáin bhreis luacha san áireamh)

Ar fáil anois!

Is féidir an táirge seo a cheannach ónár siopa ar-líne ilranna.com: